B'é an Teachta Dála neamhspleach do chontae Chiarraí Danny Healy-Rae an té is mó a labhair sa dáil go dtí seo i mbliana i measc na dteachtaí dála a fhreastalaíonn ar cheantair Gaeltachta an Deiscirt.
B'é John Deasy, TD Fhine Gael ó Phort Láirge an té ba chiúine ar fad ina measc áfach i mbliana.
De réir ainilís atá déanta ag an Irish Times ar ionchur na dteachtaí dála sa dáil i mbliana, labhair Danny Healy-Rae sa dáil as 152 babhta ar fad. Níor labhair an TD Deasy ach 11 mbabhta ar fad áfach sa treimhse céanna.