skip to main content

€8,000 fós de dhíth le hionad pobail a dhéanamh de stáisiún traenach cáiliúil

Béal Atha Glúinín, nó Castletown mar a bhí air sa 'Quiet Man'
Béal Atha Glúinín, nó Castletown mar a bhí air sa 'Quiet Man'

Tá na haisteoirí iomráiteacha Gabriel Byrne agus Liam Neeson ag tacú le feachtas go gcóireofaí an staisiún traenach ón scannán ‘The Quiet Man’ i  mBéal Átha Glúinín in oirthuaisceart na Gaillimhe.

Tá an coiste athchórithe €8,000 gann ón €30,000 atá ag teastáil uathu. Deir siad mura n-éiríonn leo an tsuim a bháiliú roimh Dé Máirt go mbeidh orthu an t-airgead uilig a thabhairt ar ais do shíntiúsóirí de bharr na rialacha a bhaineann le bailiú airgead ar-líne.

Dúirt Pascal Cassidy ón choiste athchóirithe go bhfuil siad neirbhíseach faoi spriocdháta na Máirte ach go bhfuil obair mhór curtha isteach ann le trí bliana déag anuas agus nach gcaillfidh siad misneach.

Ba ag stáisiún traenach Bhéal Átha Glúinín a taifeadadh an chéad radharc sa scannán iomráiteach, ‘The Quiet Man’ i 1951, scannán ina raibh, John Wayne, Maureen O’Hara agus Barry  Fitzgerald ag aisteoireacht ann.

Tharraing an scánnán aird na cruinne ar an iarthar agus bhuaigh sé dhá Ghradam Academy.

Le himeacht trí scór bliain, tá drochbhail tagtha ar an stáisiún traenach. Tá súil ag an choiste athchóirithe - caifé, ionad pobail agus amharclann a thógáil ar láthair an stáisiúin amach anseo.