skip to main content

Baol nach n-aithneofar gach íospartach - Ceannfort Póilíní

17 marbh, na dosaen fós ar iarraidh. Ceaptar go mairfidh an cuardach na seachtainí. Ta fiosrúchán cuimsitheach ordaithe ag Theresa May
17 marbh, na dosaen fós ar iarraidh. Ceaptar go mairfidh an cuardach na seachtainí. Ta fiosrúchán cuimsitheach ordaithe ag Theresa May

Is baolach nach mbeifear in ann gach íospartach a maraíodh i dtine Thúr Grenfell a aithint. Seo a dúirt an Ceannfort Póilíní Stuart Cundy tráthnóna. 

Tá líon na n-íospartach dearbhuithe ag 17 ach tathar ag súil gur i méid agus go mór i méid a bheidh an líon seo nuair a bheidh an chomhaireamh iomlán déanta. 

Tógadh an 17 corpán ón láthair - sé cinn a fuaireadh lasmuigh den túr agus 11 a fuaireadh laistigh. 

Dúirt an Ceannfort Cundy go bhfuil na cúinsí chuardaigh contúirteach faoi láthair agus go bhfuiltear ag súil le frámaí taca a chur i bhfearas d'fhonn tuilleadh cuardaigh a cheadú sa bhfoirgneamh atá i mbaol a thitim. 

 

Tá fiosrúchán cuimsitheach ordaithe ag Príomh-Aire na Breataine, Theresa May faoi chúis na tine i dTúr Grenfell inar dearbhaíodh 17 marbh agus na dosaein fós ar iarraidh. 

Tá sé fógartha gur maraíodh 17 sa mbladhmsach thine a rinne Túr Grenfell in iarthar Londain a loisceadh inné. Thug Coimisinéir na Seirbhísí Dóiteáin i Londain, Dany Cotton le fios áfach go bhfuil a ndhá oiread sin fós ar iarraidh. 

Príomh-Aire na Breataine, Theresa May ar chuairt ar láthair na loscadh le Dany Cotton, Coimisinéir Dóiteáin Londain


Ag preas-ócáid a tionóladh gar don Túr ar Bhóthar Latimer, in iar-thuaisceart Kensington ar maidin, dúirt Cotton go bhfuil mionchuardach ar bun ag oifigigh dóiteáin agus gur próiseas mall, cúramach a bheidh ann a mhairfidh achar seachtainí seachas laethanta.

Falla cuimhneacháin Thúr Grenfell


Dúirt sí nach bhfuil fhios cén líon daoine anaithnid atá fós sa túr agus nach bhfuil na húdaráis ag súil le héinne eile a thabhairt slán as. 

Tá buíonta speisialtóirí chuardaigh tugtha chuig an láthair a bheidh ag baint leas as sain-threalamh cuardaigh móide madraí ar a bhfuil traenáil ar leith curtha orthu. 

Cóiríocht shealadach i halla spóirt áitiúil


Chonacthas lasracha fós ag dó sa bhfoirgneamh inniu a bhí ina chaor thine i gcaitheamh an lae inné. 

Táthar fós ag cur cóir leighis ar 37 duine sna hospidéil áitiúla - 17 atá faoi dhian-chúram leighis. 

Tá níos mó ná £1m bailithe le dul i gcabhair orthu siúd ata fágtha gan stoca ná bróg de bharr an uafáis.