Tá sé deimhnithe ag an tSeirbhís Dóiteáin i Londain go bhfuil daoine básaithe sa tine i mbloc árasán in iarthar na cathrach. Dáréag a thuairiscítear atá marbh go dtí seo.
Tá Túr Grenfell suite i dtuaisceart Kensington in aice stáisiún traenach Latimer Road.
Tá cóir leighis á cur ar os cionn leathchéad duine eile i gcúig ospidéal agus tá go leor acu go han-dona tinn. Níl tásc ná tuairisc ar go leor daoine eile a bhí ina gcónaí sa túr.
Deir an tSeirbhís Dóiteáin freisin gur tugadh 65 duine slán ón túr.

Tá a fhios go raibh cónaí ar roinnt céadta duine sa túr. Tá 120 árasán ann, ar 24 urlár.
Deir Seirbhís Dóiteáin Londain nach bhfuil a fhios ag an tráth seo cén chaoi ar fadaíodh an tine.