Rinne Gardaí scrúdú inniu ar theach in Eochaill, Co Chorcaí, agus iad ag i mbun fiosrúcháin faoi bhean sna daichidí atá ar iarraidh ó mhí an Mhárta.
Níl tásc ná tuairisc ar Tina Satchwell ó d'fhág sí a teach cónaithe ar Shráid Grattan in Eochaill ar 24 Márta.
Is as Mainistir Fhear Maí í Tina Satchwell - nó Tina Dingivan mar a thugtar uirthi freisin - agus tá sí ag cur fúithi in Eochaill le dhá bhliain.