Maraíodh ar a laghad 80 agus gortaíodh na céadta nuair a phléasc buama cumhachtach le linn brú tráchta na maidine i bpríomhchathair na hAfganastáine.

At tús na míosa naofa Ramadan a thárla an pléasc i Kabul agus tá sé ar cheann dena buamálacha is marfaí a thárla sa chathair.

Deir póilíní gur ar an bhealach isteach daingnithe ag Ambasáid na Gearmáine ar bhóthar a bhíonn plódaithe le trácht ag an am sin den mhaidin a thárla an t-ionsaí.

Bhí tiománaí de chuid an BBC i measc na ndaoine a maraíodh agus gortaíodh ceathrar iriseoirí leis an stáisiún san ionsaí a deir an craoltóir.

Tuairiscítear go raibh an buama i bhfolach i dtancaer uisce agus gur shéid sé doirse dena hinsí agus go ndearna sé smidiríní d'fhuinneoga na céadta slat ar shiúl.

Bhí ambasáidí na Gearmáine agus na Síne i measc na bhfoirgnimh a ndearnadh damáiste dóibh ach níl aon scéala go raibh éinne ó thar lear a bhí ag obair in ambasáidí ina measc siúd a gortaíodh.

Dúirt urlabhraí sláinte phoiblí gur níos mó ná 350 duine ar fad a gortaíodh san ionsaí.

Tá ionsaíthe den tseort seo déanta i Kabul le roinnt míosa anuas ag an Taliban agus ag an dream a thugann an Stát Ioslamach orthú féin ach níl freagracht glactha go fóill ag aon ghrúpa as an ionsaí seo.