Deir poilíní sa mBreatain go bhfuil siad den tuairim go raibh Salman Abedi a mharaigh 22 duine in ionsaí in Manchain oíche dé Luain ag gníomhnú mar chuid de ghreasán seachas ina aonar.
Tá an stádás slándála is airde dá bhfuil ann curtha i bhfeidm ag na húdaráis sa Bhreatain mar gheall ar an mbaol a chreideann siad atá ann go bhfuil ionsaí sceimhlitheoireachta eile á bheartú sa tír.
Tá méadú curtha ar líon na bpóilíní atá ar dualgas ar shráideanna Londain agus tá Arm na Breataine curtha ar dualgas ag láthaireacha faoi leith sa chathair - Pálás Buckingham agus Sráid Downing ina measc.
Ghabh na póilíní i Manchain triúr fear ar maidin agus fear eile tráthnóna maidir leis an ionsaí. Tuairíscítear gur deartháir le Salman Abedi is ea duine acu. Tá fear 23 bliain d'aois a gabhadh inné fós á cheistiú acu.
Tuairíscítear freisin go bhfuil deartháir eile le Salman Abedi chomh maith lena athair gafa ag na póilíní i bpríomhchathair na Libia Triplí.
Maraíodh 22 duine agus gortaíodh 59 de bharr an ionsaithe.
Tá sé ráite ag máthair chailín 15 bliain bhí ar iarraidh ó tharla an t-ionsaí go bhfuil a hiníon i measc na marbh. Bhí achainí phoiblí déanta ag muintir an chailín - Olivia Cambell - féáchaint le heolas a fháil fúithi.
Olivia Campbell
Tá Leabhair Chomhbhróin curtha ar fáil don phobal i gcathracha agus i mbailte ar fud na tíre ó inniu - Teach an Ard-Mhéara i mBaile Átha Cliath agus Halla na Cathrach i gCorcaigh ina measc.