Deir na póilíní i Manchain gur fear 22 bliain d'aois - Salman Abedi - de bhunadh na Libia ach a rugadh agus a tógadh i Sasana an té a rinne an t-ionsaí buamála sa chathair aréir inar maraíodh 22 duine. Tá fear eile 23 bliain gafa ag na póilíní.

Deir an grúpa a thugann 'Stát Ioslamach' orthu féin gurbh iad a bhí freagrach as an ionsaí buamála a rinneadh ar ionad ceolchoirme i Manchain aréir.

Maraíodh 22 duine agus gortaíodh thart ar 60 de bharr pléascáin a tharla ag deireadh cheolchoirm an amhránaí Ariana Grande.

Tharla an phléasc i bhforhalla an Manchester Arena ar 10.33 aréir, ionad a bhfuil áit ann do 21,000 duine.

Deir finnéithe gur chuala siad pléascán ollmhór ag deireadh na ceolchoirme, agus go raibh an áit ina chíor thuathail agus na mílte daoine ag rith i dtreo na ndoirse amach.

Braitheadh an pléascán mar a bheadh buille sa chliabhrach, a dúirt duine amháin, agus bhuail scaoll an slua - iad ag teitheadh agus ag scréachaíl. 

Bhí go leor páistí i measc lucht féachana na ceolchoirme, agus bhí na scórtha tuismitheoirí cráite ag lorg a bpáistí agus ag impí eolais ar an bpobal trí na meáin shóisialta.

Tá beirt den dream a maraíodh ainmnithe ag an tráth seo. B'in iad Georgina Callander, mac léinn 18 bliain d'aois, agus Saffie Rose Roussos, cailín ocht mbliana d'aois.

Georgina Callander agus Ariana Grande in 2015 (Pic: Georgina.Bethany ar Instagram)

Mhaígh an eagraíocht a dtugann Stát Ioslamach orthu féin gurbh iad a bhí freagrach as an ionsaí.

Dúirt an t-amhránaí Ariana Grande níos deireanaí gur airigh sí 'briste ina croí'.

https://twitter.com/ArianaGrande/status/866849021519966208

Tá an Roinn Gnóthaí Eachtracha ag déanamh monatóireachta ar an gcás ach deir siad nach léir go fóill go bhfuil aon Éireannach i measc na marbh ná na ndaoine a gortaíodh.

https://twitter.com/dfatirl/status/866820844496048128

Tá an feachtas olltoghcháin curtha ar atráth ag na páirtithe polaitíochta sa Bhreatain de bharr an ionsaithe.

Tá sé ar an ionsaí is marfaí sa Bhreatain ó maraíodh 52 duine sa chóras iompair phoiblí i Londain i mí Iúil 2005.