skip to main content

'Teipthe ar pholasaí an rialtais i leith an chomhshaol' - EPA

'Teip ar pholasaithe comhshaoil an rialtais' - Gníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil
'Teip ar pholasaithe comhshaoil an rialtais' - Gníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil

Dúirt an tAire Cumarsáide, Denis Naughten atá freagrach freisin as cúrsaí aeráide agus acmhainní nadúrtha, go bhfuil dúshláin mhór le sárú ag an tír seo má tá siad ag iarraidh laghdú a chur ar an truailliú atá á dhéanamh ar an aer.

Rinne sé a chuid cainte i bhfianaise an ráitis a rinne Ard-stiúrthoir na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil, Laura Burke ina ndúirt sí nach bhfuil polasaithe an Rialtais le laghdú a chur ar thruailliú aeir, ag cloi le rialacha an Aontais Eorpaigh.

Dúirt an áisíneacht go dteastaíonn beartais nua, le go mbeidh an tír seo in ann laghdú a chur ar an truailliú ach an chaoi a bhfuil cúrsaí faoi láthair nach mebidh ach 20% den sprioc atá socruithe dhoíbh, baint amach faoin mbliain 2020.

Dúirt an tArd-stiúrthóír Burke go raibh ardú 9% ar an méid truaillaithe a tharla de bharr cúrsaí tráchta  le 3 bliana agus ardú 1.5% ar an méid a tharla de bharr graithí talmhaícohta.

Tá sé ráite ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil go bhfuil ag teip ar pholasaithe an rialtais maidir le h-astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. 

Muna gcomhlíonann an tír seo na h-oibleagáidí atá orthu fé rialacha an Aontais Eorpaigh d'fhéadfadh go gcosnódh sé na milliúin euro i bhfiánálacha - a dúradh.  

Dúirt an áisíneacht go bhfuil gá le beartais nua chun go mbeidh an tír abálta an truailliú a d'isliú.