Tá cáineadh láidir déanta ag an Rúis ar an ionsaí diúracán a rinne na Stáit Aontaithe ar bhunáit aeir sa tSiria aréir.
Dúirt Arm na Siria gur maraíodh seisear ar a laghad agus go ndearnadh go leor damáiste don bhunáit.
Thug na Meiriceánaigh ruathar ar an mbunáit mar gheall ar an ionsaí ceimiceach a rinneadh ar cheantar ceannairceach gar do chathair Homs ag tús na seachtaine. Maraíodh os cionn 80 duine agus gortaíodh na céadta eile.
Dúirt Rialtas na Rúise go bhfuil an tUachtarán Vladimir Putin den bharúil gur fogha a bhí san ionsaí a rinne na Meiriceánaigh ar an tSiria agus go bhfuil an dlí idirnáisiúnta sáraithe acu.
D'iarr sé go reáchtáilfí cruinniú éigeandála inniu de Chomhairle Slándála an Náisiún Aontaithe.