Tuairiscítear deichniúr ar a laghad a bheith marbh i bpléasc sa Rúis.
Gortaíodh suas le 50 duine san eachtra a tharla sa chóras traenach faoi thalamh i gCathair Pheadair.
Níl a fhios go fóill cén bunús a bhí leis an bpléasc.
Tuairiscítear gur ar thraein, a bhí ag tarraingt amach as stáisiún metro Sennaya a tharla an phléasc thart ar 2.30, am na Rúise, tráthnóna inniu.
Dúirt Uachtarán na Rúise, Vladimir Putin, nach bhféadfaí ionsaí sceimhlitheoireacht a chur as an áireamh.