skip to main content

Turas deireanach Mhartin McGuinness ar bun

Iompraíodh an cónra óna theach cónaithe go dtí an séipéal
Iompraíodh an cónra óna theach cónaithe go dtí an séipéal

Tá corp Mhartin McGuinness ar a bhealach chuig reilig Chathair Dhoire anois tar éis Aifreann na Marbh i Séipéal Naomh Cholumba ar an Túr Fada sa chathair.

Níos luaithe tugadh a chorp óna theach cónaithe chuig an séipéal mar a raibh an sagart áitiúil an tAth. Michael Canny i mbun na ndeasghnátha.

Bhí a bhean chéile Beirní, maraon le hUachtarán Shinn Féin, Gerry Adams, ar na daoine a rinne seal ar an gcónra a iompar.

Labhair an t-iar-Uachtarán Bill Clinton i rith an Aifrinn agus tabharfaidh Gerry Adams an óráid cois na huaighe.

Dúirt Bill Clinton gurb é an bealach cuí le hómós a thabhairt d'oidhreacht Mhartin McGuinness é an obair  a thosaigh sé a thabhairt i gcrích.

Bhí an tUachtarán Michael D Higgins agus an Taoiseach Enda Kenny i láthair ann freisin, maraon le hArlene Foster, iar-Chéad Aire Thuaisceart Éireann, agus an t-iar-Phríomh-Aire Tony Blair. Tugadh bualadh bos d'Arlene Foster nuair a tháinig sí isteach ina suíochán sa séipéal.

Chuir Easpag Dhoire Donal MdKeown fáilte roimh an réimse leathan daoine ó gach traidisiún in Éirinn atá bailithe ag an Aifreann.

Leanfaidh an tsochraid cuid mhaith de chúrsa na máirseála cearta daonna ar Dhomhnach na Fola i 1972.

Tá na mílte bailithe ar gach aon taobh den bhóthar mar a mbeidh an tsochraid ag déanamh a bhealaigh chuig an reilig.