skip to main content

"Fear díreach a bhí i McGuinness"-Bill Clinton

Martin McGuinness i gcomhluadar Bill Clinton
Martin McGuinness i gcomhluadar Bill Clinton

Dúirt iar-Uachtarán Mheiriceá Bill Clinton, agus a bhean chéile Hillary, gur fear díreach a bhí i Martin McGuinness nach ndeachaigh siar riamh ar a fhocal.

Dúirt siad freisin gur fear é a bhí cróga agus meáite.

Dúirt iar-Sheanadóir Meiriceánach, George Mitchell, a bhí ina thoscaire síochána le linn na gcainteanna ó thuaidh, gur cara agus ceannaire cróga a bhí i Martin McGuinness a thug daoine leis i dtreo na síochána.

George Mitchell agus Martin McGuinness i gcomhluadar a chéile

Dúirt iar-Chéad Aire an Tuaiscirt, David Trimble go raibh an-acmhainn grinn ag Martin McGuinness agus gur chuidigh sin go mór leis an bpróiseas síochána a chur chun cinn.

David Trimble

"Fear é Martin McGuinness a bhí tugtha go hiomlán do Chomhaontú Aoine an Chéasta agus na hinstitiúidí a bhain leis, agus d'fhág sé a mharc féin ar an bpolaitíocht anseo" a dúirt iar-cheannaire an SDLP, John Hume.

John Hume