Tá sagart misinéireachta le hOrd Chill Téagáin, an tAthair Pádraig Ó Máille tar éis bháis.

86 bliain d'aois a bhí sé.

Bhí an t-Athair Ó Máille ina bhall de Chumann Misinéireachta Phádraig Naofa.

Ba as Cluain Chearbáin i gCo. Mhaigh Eó dó.

D'oibrigh sé sa Nigéir agus sa Mhaláiv idir 1957-1992.  

Ruaigeadh as an Nigéir é i 1962 le linn chogadh Biafran.

Ar fhilleadh go hÉirinn dó, bhí sé páirteach i nGluaiseacht Sibhialta na Gaeltachta.

Chuaigh sé chuig an Mhaláiv ina dhiaidh sin.  

Aithnítear go raibh páirt nach beag aige le deireadh a chur le réimeas brúidiúil an Uachtaráin Dr Hastings Banda thall ansin.

Rinneadh consal oinigh na Maláive don tír seo dó.