skip to main content

Zappone sásta bualadh leis an sceithire eolais Keith Harrison

Keith Harrison
Keith Harrison

Thug an tAire Leanaí Katherine Zappone le fios sa Dáil aréir go gcasfaidh sí le sceithire na nGardaí as Dún na nGall Keith Harrison a bhfuil líomhaintí déanta aige gur caitheadh leisean mar a caitheadh leis an Sáirsint Maurice McCabe.

I ráiteas a d'eisigh an Garda Harrison inné, dúirt sé gur cheart go mbeadh a chás curtha san áireamh san fhiosrúchán poiblí atá le bunú le líomhaintí in éadan an tSáirsint Maurice McCabe a fhiosrú.  

Thug dlíodóir an Gharda Harrison le fios ar chlár Prime Time ar RTÉ aréir gur tugadh cuireadh dá chliant agus dá pháirtí chuig cruinniú leis an áisíneacht leanaí Tusla agus gur cuireadh in iúl dóibh go raibh líomhaintí déanta ina leith. Dúirt sé gur fhiosraigh Tusla an scéal agus go raibh an áisíneacht sásta nach raibh cás le freagairt ag an mbeirt.  

Le linn díospóireachta sa Dáil aréir, dúirt an Teachta Dála Pearse Doherty ó Shinn Féin gur cheart go gcasfadh an tAire Zappone le Keith Harrison lena chás a phlé sula mbeadh na téarmaí tagartha cinntithe. Dheimhnigh an tAire go mbeadh sí sásta bualadh leis an nGarda Harrison láithreach.