Tá Cumann Feirmeoirí Caoirigh Cnoic agus Natura na hÉireann i mbun feachtais chun íocaíocht a bhí á fháil acu i 2009 faoi scéim do thalamh faoi mhíbhuntáiste a thabhairt ar ais chuig an leibhéal céanna sin.
Faoin scéim ar a dtugtar scéim na limistéar faoi shrianta nádúrtha anois, deir na feirmeoirí caorach go bhfuil an ciste ciorraithe ó €250m go dtí €205 milliún agus go bhfuil laghdú déanta ar an méid heicteár talaimh atá i dteideal an airgid.
Faigheann feirmeoirí caorach ar thalamh faoi mhíbhuntáiste íocaíocht faoi scéim darbh ainm Scéim na Limistéar faoi shrianta nádúrtha.
3 chinéal talaimh atá i gceist anseo:
Talamh Cnoic, Talamh íseal faoi bhac agus Talamh íseal faoi bhac measartha.
I 2009 athraíodh an scéim agus tá an íocaíocht anois bunaithe ar mhéid an talaimh seachas méid an stoic.
Tá feirmeoirí ag iarraidh go n-athrófaí seo, mar go bhfuil feirmeoirí nach bhfuil chomh mór sin faoi mhíbhuntáiste ag baint leas as an chiste.
Deir Cumann Feirmeoirí Sléibhe agus Natura na hÉireann go bhfuil siad ag iarraidh ar an Roinn Talmhaíochta anois, an ciste a dhúblú go dtí €300 milliún.
Faoin scéim faoi láthair, don talamh cnoic, Íoctar €109.71 an heicteár don chéad 10 heicteár agus íoctar €95.99 an heicteár do gach heicteár ina dhiaidh sin suas go dtí 34 heicteár.
Don talamh íseal faoi bhac íoctar €95.99 an heicteár suas go dtí 30 heicteár.
Don talamh íseal faoi bhac measartha, íoctar €82.27 an heicteár suas go dtí 30 heicteár.
Fá láthair tá 102,000 feirmeoir ag fáil íocaíochta faoin scéim ....
De réir figiúrí ó Chumann na bhFeirmeoirí tá Contae Dhún na nGall ar an dtríú contae is mó a bhfuil ciorrú déantá ar íocaíocht an fheirmeora ann faoin scéim.
€1,016 ar an mheán atá an feirmeoir sa chontae seo as póca.
Tá An Roinn Talmhaíochta ag iarraidh measúnú a dhéanamh cad iad na ceantair a bheidh i dteideal íocaíocht faoin scéim, caithfidh seo a bheith de réir rialacha de chuid an Aontais Eorpaigh.
Fá láthair tá talamh faoi mhíbhuntáiste sainmhínithe de réir critéir mar mhéid an stoic, ioncam na feirme, tiús daonra agus an líon daoine atá ag obair ar an bhfeirm.
Ach faoin scéim leasaithe a chaithfidh a bheith i bhfeidhm roimh an bhliain seo chugainn beidh na critéir bunaithe ar ghnéithe fisiciúla den talamh, an teocht, tirimeacht, draenáil an talaimh, taise an talaimh, an méid clocha atá ann agus fána nó malaidh an talaimh.