Tá an Breitheamh Neil Gorsuch ainmnithe ag an Uachtarán Donald Trump mar a rogha féin don ról mar an Príomh-Bhreitheamh i gCúirt Uachtarach na Stát Aontaithe.
Tá sé ar an ainmniúchán is óige sa gcúirt is airde i Meiriceá le os cionn 25 bliain.
49 bliain d'aois atá Neil Gorsuch.
Ceaptar áfach go dtroidfear a ainmniúchán go láidir i Seanad na Stát Aontaithe.
Shocraigh an tUachtarán Trump freisin fáil réidh le hArd-Aighne na Stát Aontaithe.
Rinne sé seo le Sally Yates nuair a cheistigh sí cé chomh dleathúil agus a bhí an cosc inimirce.
D'ordaigh Sally Yates do dhlíodóirí gan ordú an Uachtaráin a chur i bhfeidhm.
I ráitéas a d'eisigh an Teach Bán, dúradh go ndearna sí feall ar an Roinn Dlí ansin.
Ceapadh Sally Yates ina hArd Aighne faoi ré an Uachtaráin Barack Obama.