Tá comhaontú déanta maidir le díol Theach Chathair na Mart i gCo.Mhaigh Eo.
Díolta le comhlacht áitúil gnó atá faoi úinéireacht mhuintir Hughes atá sé.
Infheisteofar na milliúin euro san áit freisin.
Beidh an teach ag feidhmiú i gcónaí mar ionad turasóireachta agus beidh baint ag na húinéirí atá ann faoi láthair leis an gcéad chéim eile den fhorbairt.
Tá 450 acra ar fad i gceist le láthair Theach Chathair na Mart, agus tógadh an teach féin i 1778.
Is le muintir Browne an teach le fada an lá, agus tá sé scailte don phobal óna 1960idí.
Cuireadh an áit ar an margadh i mí Feabhra 2016 agus luach €10m luaite leis.