Dúirt an Taoiseach Enda Kenny sa Dáil gur cheart Coimisiún Fiosrúcháin a bhunú faoin dóiteán i gclub oíche an Stardust sa bhliain 1981, má tá fianaise ann go dteastaíonn a leithéid. Maraíodh 48 duine de bharr an dóiteáin.
Tá Fine Gael agus an Chomhghuallaíocht Neamhspleách ag iarraidh teacht ar chomhréiteach maidir le rún a gcaithfear vóta air sa Dáil.
Dúirt Antoinette Keegan a tháinig slán as an tine go bhfuil sé an-tábhachtach go mbunófaí Coimisiún Fiosrúcháin faoin tragóid mar gheall, a deir sí, go bhfuil an scéal iomlán á cheilt le beagnach 36 bliain.