skip to main content

Easpaig Chaitliceacha ag buaileadh leis an Phápa Proinsias

Is i 2007 a bhí a gcruinniú deireanach ag easpaig na hÉireann le an Phápa Benedict
Is i 2007 a bhí a gcruinniú deireanach ag easpaig na hÉireann le an Phápa Benedict

Tá easpaig Chaitliceacha na hÉireann i mbun cruinnithe leis an Phápa Proinsias sa Vatacáin ó mhaidin.

Tá 29 ionadaí as 26 deoise na hÉireann ó thuaidh is ó dheas sa Róimh do shraith 10 lá de chruinnithe le hoifigigh de chuid na Vatacáine.

Is gnáth gur uair sna 5 bliana a thionóltar na cruinnithe seo nó an Ad Limina mar a thugtar orthu, ach ní raibh a gcruinniú deireanach ag easpaig na hÉireann lena bPápa ó bhí 2007 ann.

Chuir an Pápa Benedict XVI fios orthu i 2010 nuair a foilsíodh tuarascálacha Ryan agus Murphy faoi ionsaithe a rinne baill den chléir Chaitliceach anseo ar leanaí.

Díreoidh an tsraith cruinnithe seo ar thuairiscí ó na deoisí éagsúla.

Bhí sé de nós ag Pápaí roimhe seo cruinnithe aonair a bheith acu le heaspaig chomh maith le buaileadh leo uilig le chéile.

Ach tá sé socraithe ag an Phápa Proinsias buaileadh leo uilig le chéile agus an plé faoi na mionsonraí a fhágáil faoi oifigigh de chuid na Vatacáine.

Tá sé ráite ag Cumann na Sagart Caitliceach go bhfuil sé leithleasach agus mífhreagrach ag an chléir tabhairt faoin chruinniú seo leis an Phápa.