Cúig lá sula ndéanfar Donald Trump a inshealbhú mar an 45ú Uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá, in agallamh leis an Nuachtán The Times sa Bhreatain agus Bild na Gearmáine, thug an tUachtarán Tofa, níos mo eolais maidir leis na tosaíochtaí a bheidh ag a Rialtas ó thaobh polasaithe eachtrach na tíre sin.
Dúirt Donald Trump go raibh sé i gceist aige teorainneacha níos láidre a chruthú agus go bhfuil margaí trádála níos fearr ag teastáil ó na Stáit Aontaithe chun dul i ngleic le heasnamh trádála Mheiriceá leis an gcuid eile den domhan, go háirithe leis an tSín.
Cháin sé polasaithe eachtrach a bhí ann roimhe seo, go háirithe ionradh na hIaráice i 2003.
Luaigh Trump na deacrachtaí pleanála a bhí aige chun balla mór cosanta a thógaint ag an Ostán atá aige ar an nDún Beag i gContae an Chláir mar shampla den 'mhaorlathas Eorpach', mar a thug sé air.

Dúirt sé go raibh sé tar éis an togra ag Dún Beag a thréigeadh mar go dtógfadh sé blianta air cead a fháil ón Aontas Eorpach.
Dúirt sé nár cheap sé go raibh sé sin go maith do thír ar nós Éire.

I measc na dtuairimí eile a nocht an tUachtarán Tofa sna nuachtáin, dúirt sé go mbeadh imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach go hiontach agus go rinne Sainsailéir na Gearmáine Angela Merkel botún ollmhór os cionn 1m teifeach a ligint isteach sa tír.
Dúirt Donal Trump go ndéanfadh sé margadh trádála a thairiscint don Bhreatain taobh istigh de chúpla seachtain agus go raibh sé chun bualadh le Príomhaire na Breataine Theresa May go luath i ndiaidh Dé hAoine, an lá a dhéanfar é a inshealbhú.
Rinne Donald Trump an t-agallamh leis an dá Nuachtán i Trump Towers i Nua Eabhrac.