skip to main content

Fliú na n-éan aimsithe i lacha rua i gCo na Gaillimhe

Fógra eisithe ag an Roinn Talmhaíochta
Fógra eisithe ag an Roinn Talmhaíochta

Deir an Roinn Talmhaíochta go bhfuil fliú na n-éan aimsithe in éan fiáin i gCo na Gaillimhe. I lacha rua a aimsíodh é. Seo an dara cás de fhliú na n-éan a aimsíodh in éan fiáin in Éirinn le coicís.

Lacha rua i Loch Garman a bhí sa chás eile freisin. Tá an Roinn ag moladh do lucht éanlaithe a chinntiú go bhfuil beartais chuí sábháilteachta i bhfeidhm acu.

Níl aon bhaol go dtógfadh daoine an víreas ach moltar do dhaoine gan éin mharbha a láimhseáil.