Tá rialú déanta ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ar chás a bhaineann le cúnamh mídhleathach stáit a d'fhéadfadh tionchar a bheith aige ar chás na hÉireann agus cinneadh an Choimisiúin Eorpaigh faoin gcomhlacht Apple.
Chinn an Coimisiún Eorpach níos luaithe i mbliana go raibh cúnamh mídhleathach stáit faighte ag an gcomhlacht Apple ón tír seo mar gheall ar shocruithe cánach ar leith a rinneadh.
Rialaigh an Chúirt Bhreithiúnais ar maidin go raibh an ceart ag an gCoimisiún Eorpach sa chinneadh a rinne siad faoi ghrúpa comhlachtaí, Banco Santander ina measc.
Faoiseamh cánach a bhí i gceist a chuir rialtas na Spáinne i bhfeidhm. Dúradh go raibh an socrú go mór i bhfábhar comhlachtaí a raibh scair 5% acu i gcomhlachtaí iasachta.