Cuireadh ceannasaí an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta Christine Lagarde ar a triail inniu maidir leis na céadta milliún d'airgead stáit a híocadh le fear graithe as an bhFrainc fhad's a bhí sise ina hAire Airgeadais ar an tír i 2008.
Tá cúiseanna a bhaineann le 'faillí' agus mí-úsáid airgid stáit séanta ag Lagarde faoin mbaint a bhí aici le hos cionn €400m a híocadh in airgead cúitimh leis an bhfear gnó, Bernard Tappee, iar-úinéir de chuid an chomhlachta Adidas a bhí ann agus dlúth chomhpháirtí le Nicolas Sarkozy, Uachtarán na Fraince ag an am.
D'fhéadfaí bliain príosúin agus €15,000 fínéail a ghearradh uirthi má chiontaítear í.