Ciontaíodh Thomas Mair i ndúnmharú Jo Cox in iarthar Yorkshire níos túisce i mbliana i gCúirt an Old Bailey i Londain. Uair go leith a thóg sé ar an ngiúré a mbreith a thabhairt agus Mair, 53 a chiontú. 

Dhúnmharaigh Thomas Mair an Feisire Cox taobh amuigh dá clinic dáilcheantair in Iarthar Yorkshire, seachtain sula raibh reifreann Bhallraíocht na Breataine san Aontas Eorpach le bheith ann. 

Bhéic Thomas Mair na focla "Túsáite don Bhreatain" nuair a chaith sé trí philéar leis an bhFeisire Cox agus sular sháigh sé chúig uaire dhéag í ar an 16ú Meitheamh 2016.