Tá cúram nua do ghalair scámhóga, an plúchadh agus fibróis chisteach ina measc, a fhorbairt ag eolaithe in Éirinnn mar chuid de thogra idirnáisiúnta ar fiú €8.8m é.

Tá dóchas ann go mbeidh rath ar an chumasc nua atá forbraithe ag eolaithe ó Ollscoil California agus ó Choláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath mar dhruga do chúram scámhóg.

Táthar ag súil go néireoidh le h-analóir de phúdar tirim atá a fhorbairt, an réama tiubh a bhíonn ina chúis le h-ionfhabhtú scamhóga a bhriseadh síos.

Is aimhrialtacht ghéiniteach í an fhibróis chisteach a chothaíonn réama tiubh greamaitheach sna scamhóga, rud a bhíonn ina chúis le h-ionfhabhtú tromchúiseach.

Tá an ráta is airde d'fhibróis chisteach sa domhan in Éirinn.

Cé gur féidir le teiripí an smuga a bhriseadh, níl ach líon áirithe éifeachtach.

Níor forbraíodh aon leagan nua de na teiripí seo le 20 bliain, agus tá sé 50 bliain ó aimsíodh ceann amháin éifeachtach.

Is in Éirinn atá an ceathrú ráta is airde den phlúchadh sa domhan agus meastar go mbíonn ar othair 5,000 cuairt ospidéil sa bhliain a dhéanamh le cúram a fháil.

Meastar go ndéanfar trialacha cliniciúla daonna ar an druga ó seo go ceann cúig bliana.