Rinne stiúrthóir an ESRI a bheag den seans go bhfágfaidh comhlachtaí ilnáisiúnta Meiriceánacha an tír seo de bharr Donald Trump bheidh tofa in Uachtarán ar na Stáit Aontaithe.
Bhí an tOllamh Alan Barrett ag labhairt ar RTÉ ar maidin nuair a dúirt sé go bhfuil comhlachtaí ón iasacht 'feistithe' chun na hÉireann ag a gcuid infheistíochtaí, agus nach dtabharfadh ísliú ar cháin chorporáideach na Stát Aontaithe orthu imeacht.
I rith an fheachtais toghchánaiochta, thug Donald Trump le fios go raibh rún aige ráta cáin chorporáideach na Stát Aontaithe a ísliú ó 35% go 15%. Is 12.5% an ráta reatha atá i bhfeidhm anseo.
Tá difríocht mhór, a dúirt an tOllamh Barrett, idir comhlachtaí 'ar pháipéar' agus comhlachtaí a bhfuil líon mór fostaithe acu anseo.
Níor mhaith leis maidí a ligean le sruth a dúirt sé, ach níor mhaith leis ach oiread scanradh a chur ar dhaoine.
Dúirt Alan Barrett go raibh an seans ann chomh maith chéanna go mbeadh níos mó comhlachtaí as Meiriceá ag lonnú thar lear, dá leanfadh Trump lena chuid polasaithe a chuirfeadh taraifí ar impórtálacha.