Is é an t-iarrthóir Poblachtach Donald Trump Uachtarán tofa na Stát Aontaithe. Agus é ag glacadh lena bhua, dúirt Donald Trump, 70 bliain d'aois, go n-oibreodh sé ar son gach saoránach sa tír.
D'iarr Donald Trump ar Mheiriceánaigh teacht le chéile agus an tír a thógáil as an nua.
Is é an 45ú hUachtarán a toghadh ó bunaíodh na Stáit Aontaithe é, agus is é an tUachtarán tofa is sine é.
D'admhaigh an t-iarrthóir Daonlathach Hillary Clinton go raibh díomá uirthi faoin toradh.
Agus í ag labhairt go poiblí den chéad uair ó fógraíodh é, dúirt sí freisin go raibh pian ag baint leis an toradh. Ghabh sí buíochas lena muintir agus lena lucht tacaíochta a chabhraigh léi le linn an fheachtais.
Dúirt sí gur cheart an deis a thabhairt do Donald Trump a bheith ina cheannaire ar an tír agus go raibh súil aici go n-éireodh leis mar Uachtarán.
Dúirt an tUachtarán Barack Obama go ndéanfadh sé a dhícheall chun a chinntiú go n-éireodh le Donald Trump san Uachtaránacht, ainneoin an easaontais eatarthu. Dúirt sé nár mhór do dhaoine seasamh le chéile agus meas a bheith acu ar fhorais na tíre.
Dúirt Ambasadóir Mheiriceá go hÉirinn Kevin O'Malley nach n-athródh toghadh Donald Trump ina Uachtarán an caidreamh idir an tír seo agus na Stáit Aontaithe.