skip to main content

Cúigear fear ar a dtriail faoi dhúnmharú Nemtsov sa Rúis

Boris Nemstov, a labhair amach go minic in aghaidh Vladimir Putin
Boris Nemstov, a labhair amach go minic in aghaidh Vladimir Putin

Tá cúigear fear á gcur ar a dtriail i Moscó agus iad cúisithe i ndúnmharú Boris Nemtsov, polaiteoir mór le rá sa bhfreasúra sa Rúis.

Dúnmharaíodh Nemstov i bhFeabhra 2015 lámh leis an Kremlin.

Lámhachadh é go mall san oíche le linn dó a bheith ag trasnú droichid.

Omós á léiriú do Nemstov

Bhí an tUasal Nemstov ina Leas Phríomh-Aire ar an Rúis tráth, agus labhair sé amach go minic in aghaidh Uachtarán na Rúise, Vladimir Putin.

Dúirt sé go raibh eolas á bhailiú aige a chruthódh go raibh lámh ag Rialtas na Rúise sa chogadh san Úcráin.

Cuirtear i leith an chúigir atá ar a dtriail gur íocadh iad le Boris Nemtsov a dhúnmharú.

Séanann an cúigear aon bhaint a bheith acu leis an dúnmharú.