Tá an LÉ James Joyce fillte arais go Corcaigh i ndiaidh seal dualgais daonnachtúil trí mhí sa Mheánmhuir.
I rith an ama sin, tharrtháil foireann na loinge beagnach 2,500 duine agus tháinig siad ar chorp bhreis is scór duine a bádh ar muir.
Sheol an LÉ James Joyce ó cheanncheathrú na Seirbhíse Cabhlaigh i gCuan Chorcaí ar an 8 Iúil agus chuaigh i mbun dualgais seachtain níos déanaí sa Mheánmhuir.
Ní luaithe ansin í ná chuaigh a foireann faoi cheannas an Leifteanant Neil Manning, ar cheann de na miseain ba deacra a raibh an Cabhlach páirteach ariamh ann ó lonnaigh sé ansin i mí na Bealtaine 2015.
Ar an 22 Iúil, tháinig an fhoireann ar chorp 16 imirceach ar bord báirse miotail.
Bhásaigh na daoine le plúchadh agus le gortuithe a bhain dóibh ó bheith brúite isteach faoin deic.
As sin amach tharrtháil an fhoireann imircigh a bhí i gcontúirt bháis agus chuir siad cóir leighis orthu.