skip to main content

Cás faoi bhuamáil na hÓmaí caite amach ag an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine

An Ómaigh, 15 Lúnasa 1998.
An Ómaigh, 15 Lúnasa 1998.

Rialaigh an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine nach raibh an cás sibhialta a tugadh in aghaidh bheirt fhear faoi bhumáil na hÓmaí éagórach. 

Ghearáin an bheirt fhear - Michael McKevitt agus Liam Campbell - faoi cháilíocht na fianaise ina n-aghaidh. I measc na ngearán a rinne siad, mhaíodar nár chóir glacadh le fianaise ó ghníomhaire de chuid an FBI mar nach raibh sé sa chúirt le ceisteanna a fhreagairt. 

Maraíodh 29 duine - bean a bhí ag súil le cúpla ina measc - nuair a phléasc buama i ngluaisteán san Ómaigh ar 15 Lúnasa 1998. Ba é an Fíor-IRA, mar a thugtar air, a bhí freagrach as an ionsaí. 

Thug cuid de ghaolta na marbh cás sibhialta in aghaidh Michael McKevitt agus Liam Campbell. In 2009, rialaigh an chúirt i mBéal Feirste go raibh an bheirt fhear, chomh maith le beirt eile, freagrach as an mbuamáil. Ordaíodh dóibh damáistí cúitimh a íoc leis na gaolta. 

Rialaigh an Chúirt Eorpach inniu nach raibh aon bhunús le gearán na beirte.