Tá achainí déanta ag Aontas na Mac Léinn ar an Rialtas, an liúntas a bhíodh ar fáil d'ábhar oidí le tréimhse a chaitheamh sa nGaeltacht a thabhairt ar ais.
Chuir An Roinn Oideachais deireadh le Scéim Ghaeltachta na n-Ábhar Oidí i mí Meán Fómhair 2012.
Caitheann ábhar oidí, €1,000 a íoc iad fhéin le tréimhse a chaitheamh sa nGaeltacht.
Deir an tAontas go bhfuil an costas breise seo ag cur bac ar mhic léinn áirithe - ó theaghlaigh atá faoi mhí-bhuntáiste tabhairt faoin mhúinteoireacht.