Tá bunaitheoir an chomhlachta teilifíse, Eo Teilifís, Máire Ní Thuathail tar éis bháis.
Bhí aithne mhór ar Mháire i saol na teilifíse, go háirithe sna meáin Ghaeilge le breis is 25 bliain.
Bhunaigh sí Eo Teilifís i 1988, agus b'ise a bhí ina bainisteoir stiúrtha air chomh maith.
Is é an comhlacht sin ar ndóigh a thug an sobaldhrama 'Ros na Rún' do Theilifís na Gaeilge in aimsir a bhunaithe i 1996.
Bhí Máire ina léiritheoir feidhmiúcháin freisin ar 'Ros na Rún'.
Ach bhí sí bainteach le cláracha eile freisin, ina measc 'Concerto do Chaitlín Maude' i 2005 inar éirigh léi duais IFTA a bhaint amach.
Maraon leis sin, bhí sí ar bhord stiúrtha d’éagraíochtaí éagsúla, ina measc 'Media Antenna', 'Screen Producers Ireland' agus 'Fiontar Éireann'.
Léirigh sí bua ar leith freisin i gcúrsaí gnó agus bronnadh an gradam 'Bean óg ghnó na bliana' uirthi i 1997.
Bhí sí lárnach freisin san oiliúint i gcúrsaí teilifíse, go háirithe an chinn de chuid Eurofrom i 1995, a reachtáileadh i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta, RTÉ, FÁS, Teilifís na Gaeilge agus Eo Teilifís.
Chuir Máire tús lena ré i saol na teilifíse nuair a d'oibrigh sí mar thaighdeoir ar an irischlár, Púiríní, a bhí á léiriú ag Coco Television i 1988.
D'oibrigh sí seal freisin mar mhúinteoir agus le Bord na Gaeilge, mar a bhí tráth, freisin.
Ba ó Thuar Mhic Éidigh i gCo.Mhaigh Eo Máire Ní Thuathail ó dhúchais.
59 bliain d'aois a bhí sí agus bhásaigh sí ar maidin inniu i ndiaidh thréimhse ghairid tinnis.