skip to main content

Láithreacha i mBaile Átha Cliath cuardaithe ag Gardaí agus ag póilíní ón Spáinn

Láithreacha i mBaile Átha Cliath agus sa Spáinn cuardaithe san fhiosrúchán faoi bhuíon Kinahan
Láithreacha i mBaile Átha Cliath agus sa Spáinn cuardaithe san fhiosrúchán faoi bhuíon Kinahan

Thug na Gardaí agus póilíní ón Spáinn faoi chuardaigh i mBaile Átha Cliath agus sa Spáinn mar chuid d'fhiosrúchán faoi bhuíon coirpeach Kinahan. 

Tá na Gardaí agus póilíní ón Spáinn ag comhoibriú le chéile ó dúnmharaíodh David Byrne in óstán an Regency i mí Feabhra. 

Gabhadh fear sna tríochaidí sa Spáinn agus táthar á choinneáil maidir le dúnmharú Gary Hutch as Baile Átha Cliath a lámhachadh agus a maraíodh ag a árasán cóngarach de Marbella. 

Tá aithne ag na Gardaí ar an té a gabhadh. 

Tuairiscítear go dtabharfar os comhair cúirte sa Spáinn é faoi cheann cúpla lá. 

Breis is 60 Garda a bhí i mbun cuardaithe i 6 áit ar leith i mBaile Átha Cliath d'fhianaise a bhaineann le coiriúlacht eagraithe.

Cuardaíodh cúig áit ar an Costa Del Sol, áit a bhfuil muintir Kinahan lonnaithe, luath ar maidin chomh maith. 

Bhí póilíní ón Spáinn in éineacht leis na Gardaí i mBaile Átha Cliath agus bhí bleachtairí ón Aonad um Choireacht Eagraithe agus Drugaí i gcuideachta na bpóilíní sa Spáinn. 

Cuardaíodh láithreacha i dTamhlacht, i gCluain Dolcáin, i gCromghlinn agus i lár na cathrach. 

Gabhadh ráitis bhainc, leabhair bhainc, eolas a bhaineann le cúrsaí airgeadais agus €10,000 airgead tirim. 

Ba é Gary Hutch an chéad duine a dúnmharaíodh san aighneas idir buíonta coirpeach Hutch agus Kinahan.

Maraíodh seachtar eile ina dhiaidh sin.