skip to main content

Fear os comhair cúirte i mBéal Feirste i dtaca le dúnmharú i mBaile Átha Cliath

Láthair an ionsaithe in óstán an Regency
Láthair an ionsaithe in óstán an Regency

Tugadh fear os comhair na cúirte i mBéal Feirste inniu i dtaca leis an dúnmharú a tharla in óstán an Regency i mBaile Átha Cliath níos túisce i mbliana.

Ghabh an PSNI Kevin Murray, 46 bliain d'aois, i gCo.Thír Eoghain tráthnóna inné.

Tuairiscítear go bhfuil sé chun dúshlán a thabhairt in aghaidh na hiarrachta é a eiseachadadh go Poblacht na hÉireann.

Ba é Kevin Murray an 7ú duine atá tugtha os comhair na cúirte i dtaca leis an ionsaí sin i mí Feabhra seo caite.

Cuireadh an cás ina choinne ar atráth go dtí an Aoine seo chugainn.

Socróidh an breitheamh ansin ar chóir Murray a scaoileadh ar bannaí.

Ba é David Byrne a lámhachadh agus a dúnmharaíodh le linn chomórtas dornálaíochta in óstán an Regency i dtuaisceart Cho. Bhaile Átha Cliath.