Tá sé séanta ag an gCoimisinéir Eorpach ar Ghnóthaí Iomaíochta Margrethe Vestager gur figiúirí bréagacha a d'fhoilsigh an Coimisiún Eorpach maidir le dliteanas cánach Apple in Éirinn.
Maíonn an Coimisiún nár íoc Apple ach 0.005% i gcáin sa bhliain 2014, ach deir Príomhfheidhmeannach Apple Tim Cook nach bhfuil aon bhunús leis an bhfigiúr sin.
Dúirt Margrethe Vestager, áfach, gur thángthas ar an bhfigiúr i bhfianase cáipéisí a thug Apple féin don Choimisiún, chomh maith le heolas a tháinig chun solais le linn éisteachtaí i Seanad Mheiriceá in 2013.

An Coimisinéir Eorpach ar Ghnóthaí Iomaíochta, Margrethe Vestager
Dúirt sí freisin nach cinneadh polaitúil a bhí i rialú an Choimisiún maidir le dliteanas cánach Apple in Éirinn, mar a bhí curtha ina leith ag Tim Cook.
Ag labhairt dó le RTÉ, dúirt Tim Cook go bhfuil sé dóchasach go gcaithfear in aer rialú an Choimisiúin nuair a dhéanfar achomharc i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.
Dúirt Tim Cook freisin go leanfadh plean infheistíochta Apple don tír seo ar aghaidh mar a bhí beartaithe.