skip to main content

Ní bheidh an dara reifreann ann faoi imeacht na Breataine ón AE - Theresa May

D'inis Príomhaire na Breataine, Theresa May, dá rialtas nach mbeadh an dara reifreann ann faoi imeacht na Breataine ón Aontas Eorpach.

Bhí an chéad chruinniú ag an rialtas ansin inniu i ndiaidh bhriseadh an tsamhraidh.

Dúirt Theresa May nach dtosódh cainteanna leis an chuid eile den Aontas Eorpach i mbliana.

Vótáil an Bhreatain le himeacht ón Aontas Eorpach i reifreann i mí an Mheithimh.