Deir na meáin sa Tuirc go bhfuil 11 duine marbh agus go bhfuil os cionn 70 duine eile gortaithe nuair a phléasc buama i gcarr taobh amuigh de cheanncheathrú na bpóilíní in oirdheisceart na tíre.
Tharla an phléasc i gcathair Cizre i gcúige atá ar an teorainn leis an tSiria agus an Iaráic. Coirdínigh is mó atá ina gcónaí ann.
Tá meáin an stáit den bharúil gurb iad an PKK, Páirtí Oibrithe na Cordastáine a bhí freagrach as na hionsaithe. Tuairiscítear go bhfuil siad luaite le roinnt mhaith ionsaithe ó theip ar an sos comhraic le Rialtas na Tuirce bliain ó shin.