Bhásaigh Pádraig Ó Dúgáin a bhí ar dhuine de bhunaitheoirí an ghrúpa cáiliúil Clannad as Gaoth Dobhair i gContae Dhún na nGall. Bhí sé 67 agus bhí sé tinn le tamall.
Bhí Pádraig agus a leathchúpla Noel ar an mbeirt ab óige de chlann Aodh agus Mháire Uí Dhúgáin as Dobhar. Bhunaigh siad Clannad i 1970 i gcomhluadar a nianna agus a neachtanna i gclann Uí Bhraonáin, Máire, Ciarán, Pól agus Enya.
Clannad a tugadh ar an ngrúpa ceoil as Dobhar i nGaoth Dobhair i dtús na 70idí de bhrí gur de dhá chlann iad de chlann ceoil Uí Dhúgáin i nDobhar, Pádraig Ó Dúgáin é féin agus a leathchúpla Noel beirt uncail ag clann ceoil eile clann Uí Bhraonáin a bhfuair a n-athair , an ceoltóir cáiliúil Leo Brennan bás le déanaí.
Bhí Pádraig Ó Dúgáin le Clannad ó thús na 70idí. Thug sé a chéad turas le Clannad ar Mheiriceá sa mbliain 1979 agus dhá bhliain ina dhiaidh sin thug siad an sintéiseoir isteach sa ngrúpa rud a spreag an t-ainm don chéad albam eile Fuaim.
Ainneoin gur iomaí cinéal fuaime a bhain Pádraig agus Clannad as uirlisí éagsúla ina gcuid taistil as baile, bhí baint mhór aige le teagasc an cheoil feadóige agus fífe ina pharóiste féin agus le buíonn fífeanna Ghaoth Dobhair mar is léir ó ranganna anseo i 1984.
Thaifead Pádraig suas le 20 albam le Clannad.