skip to main content

Tá fear gafa ag póilíní sa Tuaisceart a bhfuil  dúnmharú oibrithe Protastúnacha ag Muilte Ching i gCo Ard Mhacha á fhiosrú acu

Tá fear gafa ag póilíní sa Tuaisceart.  Gabhadh an fear maidir le fiosrúchán atá ag bun ag na póilíní faoi dhúnmharú oibrithe Protastúnacha ag Muilte Ching i gCo Ard Mhacha dhá scór bliain ó shin. 59 bliain d'aois atá an té atá faoi choinneáil.

Maraíodh deichniúr oibrí Protastúnacha ag Muilte Chinng 40 bliain ó shin.
 
Dúirt póilíní ag coiste cróinéara faoin ionsaí ag deireadh mhí na Bealtaine gur aimsíodh fianaise nua dhlí-eolaíoch ar ghluaisteán a d'úsáid na fir ghunna le héalú ón sléacht.  

Bhí na hoibrithe a maraíodh san ionsaí i mí Eanáir 1976 ag filleadh abhaile óna gcuid oibre nuair a stopadh an veain ar bhóthar tuaithe i gCo Ard Mhacha.  

Ligeadh do na Caitlicigh a bhí sa veain éalú. Cuireadh an milleán as an ionsaí ar an IRA de bhrí gur tharla sé mar dhíoltas ar dhúnmharaithe dílseacha sa gceantar céanna.