Sa Tuirc tá 9 míle a bhí fostaithe sa stát seirbhís agus san earnáil phoíblí ar fionraí tar éis an coup d'état a theip sa tír sin Dé hAoine seo caite. 

Tá na meáin stáit sa Tuirc ag tuairisciú go dhúirt iar-cheannaire sa bhfórsa aeir Akin Ozturk gurb eisean a phleanáil an coup d'état.

Inniu thug na mílte, lucht tacaíochta Uachtarán na Tuirce ina measc,  faoina sráideanna agus iad ag iarraidh pionós an bháis a thabhairt ar ais do na daoine a rinne iarracht deireadh a chur le Rialtas na tíre sin 3 lá ó shin.  

Deir Uachtarán na tíre go bhfuil sé ag déanamh a mhacnaimh féin ach tá foláireamh tugtha ag ceannairí na hEorpa go gcuirfear deireadh le deis na Tuirce a bheith san Aontas Eorpach má thugtar pionós an bháis ar ais. 

Tá os cionn 7,500 duine gafa, baill shinsearacha den arm agus breithimh san áireamh. Táthar i ndiaidh thart ar 8,000 oifigeach Rialtais ar fionraí chomh maith. 

294 duine a bhásaigh agus 1400 a gortaíodh mar thoradh ar an bhfoiréigean ag an deireadh seachtaine. 

Sa mBruiséil, tá Airí Eachtracha an Aontais Eorpaigh ag iarraidh go mbeadh srianta ar chuile thaobh.

Deir daoine a thacaigh leis an coup d'état míleata gur iarracht a bhí ann stát daonlathach a dhéanamh den tír.