Rinne Uachtarán Mheiriceá, Barack Obama achainí go gcuirfí síocháin i bhfeidhm i Meiriceá i bhfianaise an ionsaithe a tharla i gcathair Baton Rouge i Louisiana inné agus inar maraíodh 3 póilíní. Gortaíodh 3 póilíní eile san ionsaí chomh maith.

Seo é an dara ionsaí ar phóilíní i Meiriceá le seachtain anuas.

Maidin inné cuireadh póilíní ar an eolas go raibh fear ar mhórbhealach Airline agus go raibh raidhfil ionsaithe á iompar aige. Thosaigh an t-ionsaí nuair a tháinig na póilíní chomh fada leis an áit. 

Ceaptar ag an am go go raibh níos mó na gunnadóir amháin páirteach san eachtra. Is cosúil anois nach raibh ach gunnadóir amháin i gceist. 

Tuairiscítear gurb é Gavin Long, 29 bliain, iarsháirsint cabhlaigh a rinne an marú. Is as Cathair Kansas do Gavin Long.  Caitheadh agus maraíodh Gavin Long le linn an ionsaithe.

Gavin Long

Tuigtear gur chuir Gavin Long teachtaireachtaí fiseán ar na meáin shóisialta faoin mbealach a chaitheann na póilíní i Meiriceá le  Meiriceánaigh Afracacha.