Tá sé deimhnithe ag Donald Trump ón bPáirtí Poblachtánach gur b'é Mike Pence, Gobharnóir as Stát Indiana a bheidh sa rás do thoghchán na hUachtaránachta in éineacht leis.
Chaith Mike Pence 12 bliain mar fheisire do Stát Indiana. Toghadh mar Ghobharnóir é sa mbliain 2012.
Bhíodh seanathair Pence ina chónaí i nDún Beag i gCo. an Chláir agus i dTobar an Choire i Sligeach. Chuaigh sé ar imirce go Meiriceá sa mbliain 1923.
Tá súil go labhróidh Trump agus Pence ag preasócáid amárach i Nua-Eabhrac.