Maraíodh 84 duine agus gortaíodh os cionn 100 eile mar thoradh ar ionsaí ar shlua daoine a bhí ag ceiliúradh Lá Bastille i gcathair Nice i ndeisceart na Fraince. Bhí gasúir i measc na ndaoine a maraíodh agus tá fear as Éirinn i measc na ndaoine a gortaíodh go dona. 

Cuirfear tús amárach le 3 lá náisiúnta dobróin sa bhFrainc. Is é  Príomh-Aire na Fraince, Manuel Valls a d'fhógair an méid sin.

Tá trí mhí curtha ag Uachtarán na Fraince, Francois Hollande leis an staid éigeandála sa tír.

Aréir thiomáin tiománaí an leoraí faoi luas isteach sa slua ollmhór a bhí bailithe ag taispeántas tinte ealaíne ag Promenade de Anglais sa gcathair.

D'éirigh leis na póilíní tiománaí an leoraí a mharú. Fear 31 bliain d'aois de bhunadh na Túinéise a bhí ann agus bhí sé ina chónaí sa bhFrainc. Fuarthas gunnaí agus gránáidí sa leoraí agus bhí airm ar iompar ag an tiománaí.

Tá póilíní frithsceimhlitheoireachta na Fraince i mbun fiosraithe lena fháil amach an raibh aon nduine ag tabhairt cúnaimh don té a bhí freagrach as an ionsaí. Níl freagracht faoin ionsaí glactha ag aon nduine ná ag aon dream go dtí seo.

Dúirt Uachtarán na Fraince, François Hollande, go bhfuil an sceimlitheoireacht Ioslámach ag bagairt ar an tír ar fad anois. 

 Inniu thug an t-Uachtarán cuairt ar chuid de na daoine a gortaíodh san ionsaí.  

Cháin Uachtarán na hÉireann Michael D. Higgins léirscrios na hoíche aréir i ndeisceart na Fraince.

Dúirt an Taoiseach Enda Kenny go bhfuil sé faoi bhrón faoin ionsaí i Nice agus go bhfuil muintir na Fraince ag fulaingt agus léirscrios déanta arís orthu.

Rinne Uachtarán na Stát Aontaithe Barack Obama cáineadh ar an eachtra uafásach a tharla i Nice. Dúirt sé go seasfaidh na Stáit Aontaithe gualainn ar ghualainn leis an bhFrainc,  an tír is faide a sheas leo féin. 

D'ordaigh Uachtarán Obama go mbeadh brat na Stát Aontaithe ar leathchrann as seo go ceann 5 lá mar chomhartha ómóis do na daoine a maraíodh agus a gortaíodh i gcathair Nice. 

Dúirt Uachtarán Chomhairle na hEorpa, Donald Tusk, go seasfaidh an tAontas Eorpach go láidir leis an bhFrainc.