skip to main content

Theresa May ceaptha ina Príomh-Aire sa Bhreatain inniu

Theresa May ceaptha ina Príomh-Aire sa Bhreatain
Theresa May ceaptha ina Príomh-Aire sa Bhreatain

Sa Bhreatain, ceapadh Theresa May ina Príomh-Aire inniu tar éis do David Cameron fógra a thabhairt don Bhanríon Eilís go raibh sé ag éirí as an bpost.

D'fhógair David Cameron an mhí seo caite go raibh sé ag éirí as oifig tar éis do mhuintir na Breataine vótáil i bhfabhar imeacht as an Aontas Eorpach sa reifreann ansin.

Ach oiread le David Cameron, bhí Theresa May ag stocaireacht go bhfanfadh an Bhreatain san Aontas.