Tá Uachtarán na hÉireann, Michael D Higgins sa bhFrainc inniu áit a bhfuil comóradh 100 bliain ar Chath an Somme faoi lán tseoil.
Maraíodh níos mó na 20,000 saighdiúir cothrom an lae seo 100 bliain ó shin agus maraíodh nó gortaíodh os cionn 1m saighdiúir ar fad ón dá thaobh thar achar 5 mhí.
Bhí na mílte saighdiúir Éireannacha i measc na mairbh le linn an chatha.
Cuirfidh Uachtarán na Fraince, Francois Hollande failte roimh Uachtarán na hÉireann agus casfar an Prionsa Seárlas agus a bhean, Camilla chomh maith le Dúc agus Ban-Dúc Cambridge air ag láthair chomórtha Thiepval.
Tionóladh ócáidí chuimhneacháin i nGáirdín Chuimhneacháin Bhaile Átha Cliath agus ar an Meal Theas i gCorcaigh ar maidin freisin.