Labhair an tUachtarán Michael D Higgins i bParlaimint na hAlban i nDún Éideann inniu.
Dúirt an tUachtarán go léiríonn cinneadh na Breataine imeacht as an Aontas Eorpach an tábhacht atá leis an gcóras daonlathach.

Uachtarán na hÉireann le Ken Macintosh, Príomh-Oifigeach Pharlaimint na hAlban
Tá an tUachtarán agus a bhean chéile Sabina ar cuairt cheithre lá chun na hAlban an tseachtain seo.