Tá sé ráite ag Uachtarán an Aontais Eorpaigh Donald Tusk go bhfuil an Bhruiséil réidh "inniu" le dhul i mbun cainteanna leis an Bhreatain faoin Aontas a fhágáil. 

Ar a bhealach isteach chuig cruinniú mullaigh idir ceannairí na mballstát, dúirt sé "go bhfuil an Eoraip réidh leis an phróiseas scarúna a thosú inniu féin, cé nach le fonn é... Ní raibh súil againn ariamh go dtarlódh seo," a dúirt sé le tuairisceoirí. 

Mhol sé cruinniú mullaigh a ghairm leis na 27 ballstáit seachas an Bhreatain i mí Mheán Fómhair le tuilleadh plé a dhéanamh, de bharr go bhfuil am de dith ar cheannairí le réiteach.

Ní féidir leis an phróiseas scarúna tosnú go dtí go gcuirfidh an Bhreatain in iúl don Aontas Eorpach go hoifigiúil go bhfuil rún aici imeacht, rud a chuirfidh Alt a  50 de Chonradh Liosbóin i mbun gnímh.

Tá sé ráite ag David Cameron go bhfágfaidh sé an obair sin faoina chomharba nuair a éireoidh sé as a cheannaireacht i mí Dheireadh Fómhair.

Dúirt Seansailéir na Breataine George Osborne nach dtabharfaidh an tír faoin phróiseas imeachta go dtí go mbeidh an caidreamh idir an Breatain agus an tAontas Eorpach soiléir. 

Ach tá a mhalairt de thuairim ag ceannairí na Gearmáine, na Fraince agus na hIodáile.

Rásaí Ceannaireachta i Westminster

I Westminster tráthnóna, chaill ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Jeremy Corbyn vóta mímhuiníne ann. Ní bheidh aon cheangal ag an vóta ar Corbyn áfach agus tá a chuid Feisirí Parlaiminte ag iarraidh teacht ar dhóigh éigin le bata is bóthar a thabhairt dó, ainneoin go bhfuil sé ráite aige nach bhfuil rún dá laghad aige éirí as.

Inné d'iarr an Ghearmáin, an Fhrainc agus an Iodáil ar an Bhreatain gan moill ar bith a dhéanamh an próiseas scarúna a thosnú.