Tionóladh suí speisialta de Theach na dTeachtaíi Londain inniu le hómós a dhéanamh do Jo Cox, a maraíodh in ionsaí gunna agus sceana an tseachtain seo caite.

Dúirt an Spéicéir John Bercow gur údar uafáis agus déistin é duine a bhí tofa go daonlathach chun pairliminte a mharú ar an gcaoi seo.

Leagadh rós bán agus rós dearg ar an suíochán bá gháth do Jo Cox suí ann sa Teach.

Chaith gach Feisire rós bán, in ómós dá chontae dúchais, Yorkshire.

Bhí deora á sileadh ag comhghleacaithe fiú sular thosaigh na haithisc.

Ag oscailt an tseisiúin dó, dúirt an Spéicéir go raibh siad ag tionól faoi bhrón ach le dlúthpháirtíocht ina gcroí. Ionsaí ar dhuine a bhí ann, ach ionsaí freisin ar ár saoirse freisin é, a dúirt John Bercow.

Labhair ceannaire an Lucht Oibre Jeremy Corbyn faoi thréithe Jo Cox, á rá gur chaith sí a saol i mbun seirbhíse agus feachtais ar son daoine eile sa bhaile agus i gcéin.

An daonnacht agus an comhbhá inti a spreag a cuid seirbhíse, a dúirt sé.

Bhí croí na bhFeisirí lán le brón agus comhbhrón dá fear céile Brendan agus dá páistí óga, a dúirt sé.

Bhí an triúr i láthair don ócáid san áiléar poiblí .

Rinne David Cameron ómós don pholaiteoir a dúirt sé a bhí lán den ghrá, den dúthracht, den phaisean agus den tsúil chun cinn.

Shábháil a spiorad agus a fuinneamh saol daoine, agus chuir go mór le saol na milte eile,a dúirt sé.