Táan feisire pairliminte i Sasana Jo Cox tar éis bháis, de bharr gortuithe a bhain de in ionsaí gunna agus seana uirthi níos luaithe inniu.

Ionsaíodh an feisre Cox, ball den Lucht Oibre ina toghcheantar féin i mBirstall gar do Leeds in iarthar Yorkshire. Bhí í ag réiteach dá cllinic rialta do bhaill den phobal, nuair a tharla an eachtra.

Gar don leabharlann ar an mbaile a tharla an t-ionsaí, agus fágadh gonta agus ag cur fola ar an gcosán í, dar le finnéithe.

Tá fear 52 bhliain d'aois gafe ag póilíní agus tá sé á cheistiú faoi láthair. Dheimhnigh póilíní West Yorkshire gur bhain mionghortaithe d'fhear eile ar an láthair.

Láthair an ionsaithe i mBirstall, Yorkshire

Ar dtús ceapadh gur chuir an MP isteach ar argóint a bhí ar bun idir bheirt fhear, agus gur ionsaiodh í dá bharr.

Ach anois dealraíonn sé ó thuairiscí finnéithe gur ionsaí dírirthe ar Jo Cox a bhí ann ón tús, agus gur thug an fear fúíthí in aon turas. Tuigtear gur fear áitiúil é an té a gabhadh, go bhfulil sé atá ag cónaí leis féin agus nach ndéanann comharsanacht le daoine eile sa cheantar.

Tuairisciodh freisin gur bhéic an t-ionsaitheoir 'Britain First' nó 'Put Britain First' agus é á hionsaí.

An fear 52 bhliain d'aois á ghabháil ag póilíní

Tá deireadh curtha ag an bPríomh Aire David Cameron le slógadh reifrinn a bhí beartaithe don oíche anocht in Gibraltar. Tá deireadh curtha ag an fhreachtas leis an stocaireacht mar chomhartha tacaíochta do Jo Cox.

Ní bheidh a thuilleadh stocaireachta ar bun ag an Taoiseach ach oiread inniu.

Bean 41 bhlian a bhí í Jo Cox a bhí pósta le Brendan Cox, agus bhí beirt chlainne uirthi.

Anocht d'eisigh Brendan Cox ráiteas inar iarr sé go dtroidfeadh daoine leo in aghaidh an fhuatha, mar a rinne a bhean chéile i rith a shaoil.

Toghadh chuig Westminster í sa toghchán deireanach i 2015.